Téarmaí Seirbhíse Google
Éifeachtach ar: 22 Bealtaine 2024 | Leaganacha a cuireadh i gcartlann | Íoslódáil PDF
Leagan tíre: Stáit Aontaithe Mheiriceá
An méid a chlúdaítear sna téarmaí seo
Tá a fhios againn go bhfuil sé mealltach gabháil thar na Téarmaí Seirbhíse seo, ach tá sé tábhachtach an méid lenar féidir leat a bheith ag súil uainn agus úsáid á baint agat as seirbhísí Google agus an méid lena bhfuilimid ag súil uait a dheimhniú.
Léiríonn na Téarmaí Seirbhíse seo an chaoi a n-oibríonn gnólacht Google, na dlíthe atá i bhfeidhm ar ár gcuideachta agus rudaí áirithe ar mheasamar riamh a bheith fíor. Mar thoradh, cabhraíonn na Téarmaí Seirbhíse seo chun caidreamh Google leatsa a shainmhíniú de réir mar a idirghníomhaíonn tú lenár seirbhísí. Mar shampla, áirítear sna téarmaí seo na teidil topaice seo a leanas:
- An méid a bhféadfá a bheith ag súil leis uainne, a chuireann síos ar an gcaoi a soláthraímid agus a bhforbraímid ár seirbhísí
- Cad leis a mbímid ag súil uaitse, a leagann síos rialacha áirithe maidir lenár seirbhísí a úsáid
- Ábhar i seirbhísí Google, a chuireann síos ar na cearta maoine intleachtúla ar an ábhar a fhaigheann tú inár seirbhísí – cibé an mbaineann an t-ábhar sin leat, le Google nó le daoine eile
- I gcás fadhbanna nó easaontuithe, a chuireann síos ar chearta dlí eile atá agat agus cad ba cheart a bheith ag súil leis i gcás go sáraíonn duine na téarmaí seo
Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú na téarmaí sin toisc go bhfuil tú ag aontú leo trí úsáid a bhaint as ár seirbhísí (cé acu má tá tú sínithe isteach i gcuntas Google nó nach bhfuil).
Seachas na téarmaí seo, foilsímid Polasaí Príobháideachais chomh maith. Molaimid duit é a léamh le tuiscint níos fearr a bheith agat maidir leis an gcaoi ar féidir leat d'fhaisnéis a nuashonrú, a bhainistiú, a easpórtáil agus a scriosadh.
Téarmaí
Soláthraí seirbhíse
Tá seirbhísí Google á soláthar ag agus tá tú ag déanamh conradh le:
Google LLC
atá á eagrú faoi dhlíthe Stát Delaware, SAM, agus á fheidhmiú faoi dhlíthe SAM
1600 Amphitheatre Parkway
Mountain View, California 94043
SAM
Ceanglais aoise
Má tá tú faoin aois atá riachtanach chun do Chuntas Google féin a bhainistiú, ní mór cead do thuismitheora nó do chaomhnóra dhlíthiúil a bheith agat chun Cuntas Google a úsáid. Iarr ar do thuismitheoir nó ar do chaomhnóir dlíthiúil na téarmaí seo a léamh leat.
Más tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil thú agus má thugann tú cead do do pháiste na seirbhísí a úsáid, baineann na téarmaí seo leat agus is tusa atá freagrach as gníomhaíocht do pháiste ar na seirbhísí seo.
Tá ceanglais bhreise aoise ag roinnt seirbhísí Google mar a mhínítear ina dtéarmaí agus polasaithe breise a bhaineann le seirbhís shonrach.
Do chaidreamh le Google
Cabhraíonn na téarmaí seo leis an gcaidreamh idir tú féin agus Google a shainiú. Nuair a labhraímid ar "muid", "sinn", "ár", "orainn", "againn", "linn", "dúinn", "dínn" agus "uainn", ciallaímid Google LLC agus a chleamhnaithe. Ar an iomlán, tugaimid cead duit ár seirbhísí a úsáid agus rochtain a fháil orthu má aontaíonn tú na téarmaí seo a leanúint, a léiríonn an chaoi a n-oibríonn gnólacht Google agus conas a thuillimid airgead.
An méid ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn
Raon leathan seirbhísí úsáideacha á gcur ar fáil
- aipeanna agus suíomhanna (cosúil le Cuardach agus Maps)
- ardáin (cosúil le Google Shopping)
- seirbhísí comhtháite (cosúil le Maps atá leabaithe in aipeanna nó suíomhanna cuideachtaí eile)
- gléasanna (cosúil le Google Nest agus Pixel)
Cuimsíonn go leor de na seirbhísí seo ábhar ar féidir leat a shruthú nó idirghníomhú leis.
Tá ár seirbhísí deartha le hoibriú le chéile, lena n-éascaítear duit bogadh ó ghníomhaíocht amháin go dtí an chéad cheann eile. Mar shampla, má chuirtear seoladh le himeacht Calendar atá agat, is féidir leat cliceáil ar an seoladh sin ionas go ndéanfaidh Maps eolas an bhealaigh duit.
Seirbhísí Google a fhorbairt, a fheabhsú agus a nuashonrú
Bímid i gcónaí ag forbairt teicneolaíochtaí agus gnéithe nua chun ár seirbhísí a fheabhsú. Mar shampla, bainimid úsáid as intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim chun aistriúcháin chomhuaineacha a sholáthar duit agus chun turscar agus bogearraí mailíseacha a bhrath agus a bhacadh ar bhealach níos fearr. Mar chuid den fheabhsú leanúnach seo, uaireanta cuirimid gnéithe agus feidhmiúlachtaí leis nó bainimid iad, méadóimid nó laghdóimid na teorainneacha a chuirtear lenár seirbhísí agus cuirimid tús le seirbhísí nua a thairiscint nó stopaimid de bheith ag tairiscint seancheann. Nuair a bhíonn bogearraí in-íoslódáilte nó réamhlódáilte ag teastáil ó sheirbhís nó san áireamh léi, déantar na bogearraí den chineál sin a nuashonrú go huathoibríoch ar do ghléas nuair a bhíonn leagan nó gné nua ar fáil. Ligeann roinnt seirbhísí duit do shocruithe a bhaineann le nuashonrú uathoibríoch a choigeartú.
Má dhéanaimid athruithe ábhartha a imríonn tionchar diúltach ar an úsáid a bhaineann tú as ár seirbhísí nó má stopaimid de bheith ag tairiscint seirbhíse, tabharfaimid réamhfhógra réasúnta duit, seachas i gcásanna práinneacha amhail mí-úsáid a chosc, ceanglais dlí a chomhlíonadh nó dul i ngleic le fadhbanna slándála agus inoibritheachta. Tabharfaimid deis duit chomh maith chun d'ábhar a easpórtáil ó do Chuntas Google trí Google Takeout a úsáid, faoi réir na ndlíthe agus na bpolasaithe is infheidhme.
An méid a bhfuilimid ag súil leis uait
Na téarmaí seo agus téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís a leanúint
- na téarmaí seo
- téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, ina bhféadfadh rudaí amhail ceanglais aoise bhreise a bheith san áireamh, mar shampla
Aontaíonn tú chomh maith leis sin go bhfuil ár bPolasaí Príobháideachais infheidhme maidir leis an úsáid a bhaineann tú as ár seirbhísí. Soláthraímid acmhainní amhail an Lárionad Cabhrach Cóipchirt, an lárionad Sábháilteachta, an Lárionad Trédhearcachta agus cur síos ar ár dteicneolaíochtaí ónár suíomh polasaithe chomh maith leis sin ar mhaithe le ceisteanna coitianta a fhreagairt agus chun na rudaí a shocrú ar cheart go mbeifeá ag súil leo maidir lenár seirbhísí a úsáid. Ar deireadh, féadfaimid treoracha agus rabhaidh ar leith, amhail boscaí dialóige a thugann foláireamh duit maidir le faisnéis thábhachtach, a sholáthar laistigh dár seirbhísí.
Cé go dtugaimid cead duit ár seirbhísí a úsáid, coimeádaimid aon chearta maoine intleachtúla atá againn sna seirbhísí.
Bíodh meas agat ar dhaoine eile
- na dlíthe is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear dlíthe i dtaca le rialú easpórtála, smachtbhannaí agus gáinneáil ar dhaoine
- meas a léiriú do chearta na ndaoine eile, lena n-áirítear cearta príobháideachais agus cearta maoine intleachtúla
- gan mí-úsáid a dhéanamh ar dhaoine eile nó ort féin ná dochar a dhéanamh dóibh nó duit féin (ná bagairt a leithéid de mhí-úsáid nó dochar a dhéanamh ná iad a spreagadh) — mar shampla, trí dhaoine eile a mhíthreorú, calaois a dhéanamh orthu, pearsanú mídhleathach a dhéanamh ina leith, clúmhilleadh a dhéanamh orthu, tromaíocht a dhéanamh orthu, iad a chiapadh nó stalcaireacht a dhéanamh orthu
Soláthraíonn ár dtéarmaí agus polasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, amhail ár bPolasaí maidir le hÚsáid Choiscthe IS Ghiniúnaigh, sonraí breise maidir le hiompar cuí nach mór do gach duine a úsáideann na seirbhísí sin cloí leis. Má fhaigheann tú amach nach bhfuil daoine eile ag leanúint na rialacha sin, tugann go leor dár seirbhísí deis duit mí-úsáid a thuairisciú. Má ghníomhaímid ar thuairisc ar mhí-úsáid, cuirimid an próiseas a ndéantar cur síos air sa rannán Gníomh a dhéanamh i gcás fadhbanna ar fáil freisin.
Ná bain mí-úsáid as ár seirbhísí
Tuigeann formhór na ndaoine a fhaigheann rochtain ar ár seirbhísí nó a úsáideann iad na rialacha ginearálta a choinníonn an tIdirlíon sábháilte agus oscailte. Ar an drochuair, níl meas ag líon beag daoine ar na rialacha sin, mar sin táimid ag cur síos orthu anseo chun ár seirbhísí agus ár n-úsáideoirí a chosaint ar mhí-úsáid. Sa mheon sin:
Ní mór duit gan mí-úsáid a bhaint as ár seirbhísí ná as ár gcórais, ná dochar a dhéanamh dóibh, ná cur isteach orthu ná cur as dóibh — mar shampla, trí na bealaí seo a leanas:- bogearraí mailíseacha a thabhairt isteach
- ár gcórais nó ár mbearta cosanta a spamáil, iad a haiceáil nó dul timpeall orthu
- éalú, leideanna sáraíochta nó inteilgean leideanna, seachas mar chuid dár ríomhchláir do shábháilteacht agus do thástáil fabhtanna
- ár seirbhísí nó ár n-ábhar a rochtain nó a úsáid ar bhealaí calaoiseacha nó mealltacha, amhail:
- fioscaireacht
- cuntais bhréige nó ábhar bréige a chruthú, lena n-áirítear léirmheasanna bréige
- daoine eile a mhíthreorú chun a chreidiúint gur duine daonna a chruthaigh ábhar IS ghiniúnaigh
- seirbhísí a sholáthar a bhfuil an chuma orthu gur uaitse (nó ó dhuine eile) a thagann siad ó bhun nuair is uainne a thagann siad
- seirbhísí a sholáthar a bhfuil an chuma orthu gur uainne a thagann siad ó bhun nuair nach dtagann
- ár seirbhísí a úsáid (lena n-áirítear an t-ábhar a sholáthraíonn siad) chun cearta dlí duine ar bith a shárú, amhail cearta maoine intleachtúla nó cearta príobháideachais
- ais-innealtóireacht a dhéanamh ar ár seirbhísí nó ar ár dteicneolaíocht bhunaidh, amhail ár samhlacha meaisínfhoghlama, chun rúin cheirde nó faisnéis dhílsithe eile a asbhaint, seachas mar a cheadaítear faoin dlí is infheidhme
- modhanna uathoibrithe a úsáid chun rochtain a fháil ar ábhar ó cheann ar bith dár seirbhísí, is é sin gníomh a sháraíonn na treoracha meaisín-inléite ar ár suíomhanna gréasáin (mar shampla, comhaid robots.txt a dhícheadaíonn ransú, traenáil nó gníomhaíochtaí eile)
- ábhar ónár seirbhísí, arna ghiniúint ag IS, a úsáid chun samhlacha meaisínfhoghlama nó teicneolaíocht AI ghaolmhar a fhorbairt
- thú féin a fholú nó a mhíléiriú chun na téarmaí seo a shárú
- seirbhísí a sholáthar a mholann do dhaoine eile na téarmaí seo a shárú
Cead chun d'ábhar a úsáid
Deartar cuid dár seirbhísí chun ligean duit d'ábhara uaslódáil, a chur isteach, a stóráil, a sheoladh, a fháil nó a chomhroinnt. Níl aon oibleagáid ort aon ábhar a chur ar fáil dár seirbhísí agus tá lánchead agat an t-ábhar ba mhaith leat a chur ar fáil a roghnú. Má roghnaíonn tú ábhar a uaslódáil nó a chomhroinnt, cinntigh go bhfuil na cearta cuí agat le hamhlaidh a dhéanamh agus go bhfuil an t-ábhar dleathach.
Ceadúnas
Is leatsa d'ábhar i gcónaí, rud a chiallaíonn go gcoinníonn tú aon chearta maoine intleachtúla atá agat i d'ábhar. Mar shampla, tá cearta maoine intleachtúla agat san ábhar cruthaitheach a dhéanann tú, amhail léirmheasanna a scríobhann tú. Nó d'fhéadfadh an ceart a bheith agat ábhar cruthaitheach duine éigin eile a chomhroinnt má thug an duine sin cead duit.
Teastaíonn do chead uainn má chuireann do chearta maoine intleachtúla srian le húsáid d'ábhair againne. Tugann tú an cead sin do Google tríd an gceadúnas seo.
An méid atá clúdaithe
Clúdaíonn an ceadúnas seo d'ábhar má tá an t-ábhar sin faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla.
Cad nach bhfuil clúdaithe
- Ní chuireann an ceadúnas seo isteach ar do chearta príobháideachais — baineann sé le do chearta maoine intleachtúla amháin
- Ní chlúdaíonn an ceadúnas seo na cineálacha ábhair seo a leanas:
- faisnéis fhíorasach atá ar fáil go poiblí a sholáthraíonn tú, amhail ceartúcháin ar sheoladh gnólachta áitiúil. Ní éilíonn an fhaisnéis sin ceadúnas toisc go meastar gur is eol do chách nach bhfuil costas bainte lena húsáid.
- aiseolas a chuireann tú ar fáil, amhail moltaí chun ár seirbhísí a fheabhsú. Clúdaítear aiseolas sa rannán Cumarsáid a bhaineann le seirbhís thíos.
Scóip
- infheidhmithe ar fud an domhain, rud a chiallaíonn go bhfuil sé bailí áit ar bith ar domhan
- neamheisiach, rud a chiallaíonn gur féidir leat d'ábhar a cheadúnú do dhaoine eile
- saor ó dhleacht, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon táillí airgid ar an gceadúnas seo
Cearta
Ligeann an ceadúnas seo do Google na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- d'ábhar a óstáil, a athchruthú, a dháileadh, cumarsáid a dhéanamh leis agus úsáid a bhaint as, mar shampla chun d'ábhar a shábháil ar ár gcórais agus é a dhéanamh inrochtana as aon áit ar bith a dtéann tú
- d'ábhar a fhoilsiú, a dhéanamh go poiblí nó a thaispeáint go poiblí, má tá sé déanta agat le feiceáil ag daoine eile
- saothair dhíorthacha a mhionathrú agus a chruthú atá bunaithe ar d'ábhar, amhail trí é a athfhormáidiú nó a aistriú
- na cearta seo a fhocheadúnú do na heintitis seo a leanas:
- úsáideoirí eile chun seans a thabhairt do na seirbhísí oibriú mar atá deartha, amhail a chur ar do chumas pictiúir a chomhroinnt leis na daoine a roghnaíonn tú
- ár gconraitheoirí a shínigh comhaontuithe linn atá comhsheasmhach leis na téarmaí seo, ach amháin chun na gcríoch teoranta a thuairiscítear sa rannán Críoch thíos
Críoch
Is ar mhaithe na gcríoch teoranta seo a leanas atá an ceadúnas seo:
- na seirbhísí a oibriú agus a fheabhsú, rud a chiallaíonn ligean do na seirbhísí oibriú mar ar ceapadh iad agus gnéithe agus feidhmiúlachtaí nua a chruthú. Áirítear leis seo córais agus algartaim uathoibrithe a úsáid chun anailís a dhéanamh ar d'ábhar:
- turscar, bogearraí mailíseacha agus ábhar mídhleathach
- chun patrúin i sonraí a aithint, amhail an t-am ceart chun albam nua a mholadh in Google Photos a dheimhniú chun grianghraif ghaolmhara a choinneáil le chéile
- chun ár seirbhísí a shaincheapadh duit, mar shampla moltaí agus torthaí cuardaigh, ábhar agus fógraí oiriúnaithe a sholáthar (ar féidir leat iad a athrú nó a mhúchadh i Socruithe Fógraí)
- ábhar ar chomhroinn tú é go poiblí a úsáid chun na seirbhísí a chur chun cinn. Mar shampla, féadfaimid léirmheas, a scríobh tú chun aip Google a chur chun cinn, a lua. Nó féadfaimid gabháil scáileáin den aip a chuireann tú ar fáil in Play Store a thaispeáint chun Google Play a chur chun cinn.
- teicneolaíochtaí agus seirbhísí nua a fhorbairt do Google i gcomhréir leis na téarmaí seo
Fad
Maireann an ceadúnas seo chomh fada agus a chosnaítear d'ábhar ag cearta maoine intleachtúla.
Má bhaineann tú aon ábhar atá clúdaithe ag an gceadúnas seo ónár seirbhísí, stopfaidh ár gcórais den ábhar sin a chur ar fáil go poiblí laistigh de thréimhse réasúnta ama. Tá dhá eisceacht ann:
- Má chomhroinn tú d'ábhar le daoine cheana féin sula mbaineann tú é. Mar shampla, má chomhroinn tú grianghraf le cara a rinne cóip de ansin nó a chomhroinn arís é, d'fhéadfadh an grianghraf a bheith fós le feiceáil i gCuntas Google do chara fós fiú tar éis duit é a bhaint de do Chuntas Google.
- Má chuireann tú d'ábhar ar fáil trí sheirbhísí cuideachtaí eile, d'fhéadfadh innill chuardaigh, lena n-áirítear Cuardach Google, leanúint orthu ag aimsiú agus ag taispeáint d'ábhair mar chuid dá dtorthaí cuardaigh.
Úsáid a bhaint as seirbhísí Google
Do Chuntas Google
Má chomhlíonann tú na ceanglais aoise seo is féidir leat Cuntas Google a chruthú ar mhaithe le d'éascaíocht. Éilíonn roinnt seirbhísí go bhfuil Cuntas Google agat chun go mbeidh siad in ann feidhmiú – mar shampla, chun Gmail a úsáid, tá Cuntas Google ag teastáil uait ionas go bhfuil áit agat chun ríomhphost a sheoladh agus a fháil.
Tá tú freagrach as a ndéanann tú le do Chuntas Google, lena n-áirítear céimeanna réasúnta a ghlacadh chun do Chuntas Google a choinneáil slán, agus molaimid duit an tSeiceáil Slándála a úsáid go rialta.
Seirbhísí Google a úsáid thar ceann eagraíochta nó gnólachta
- ní mór d'ionadaí údaraithe ón eagraíochta sin glacadh leis na téarmaí seo
- is féidir riarthóir d'eagraíochta Cuntas Google a shannadh duit. D'fhéadfadh an riarthóir sin éileamh ort rialacha breise a leanúint agus rochtain a fháil ar do Chuntas Google nó é a dhíchumasú.
Cumarsáid a bhaineann le seirbhísí
Chun ár seirbhísí a sholáthar duit, seolaimid fógraí seirbhíse agus faisnéis eile chugat uaireanta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a ndéanaimid cumarsáid leat, féach Polasaí Príobháideachais Google.
Má roghnaíonn tú aiseolas a thabhairt dúinn, ar nós moltaí chun ár seirbhísí a fheabhsú, féadfaimid gníomhú ar d'aiseolas gan a bheith faoi oibleagáid agat.
Ábhar i seirbhísí Google
D'ábhar
Ceadaíonn roinnt dár seirbhísí duit ábhar bunaidh a ghiniúint. Ní éileoidh Google úinéireacht ar an ábhar sin.
Tugann cuid dár seirbhísí an deis duit d'ábhar a chur ar fáil go poiblí – mar shampla, d'fhéadfá léirmheas táirge nó bialainne a scríobh tú a phostáil nó blagphostáil a chruthaigh tú a uaslódáil.
- Féach ar an rannán Cead chun d'ábhar a úsáid le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi do chearta i d'ábhar agus faoin gcaoi a n-úsáidtear d'ábhar inár seirbhísí
- Féach ar an roinn D'ábhar a bhaint chun a fháil amach cén fáth agus conas a d'fhéadfaimis ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a bhaint dár seirbhísí
Má cheapann tú go bhfuil duine éigin ag sárú do chearta maoine intleachtúla, is féidir leat fógra faoin sárú a sheoladh chugainn agus déanfaimid gníomh cuí. Mar shampla, cuirimid Cuntais Google ar le daoine iad a sháraíonn cóipcheart arís is arís eile ar fionraí, nó déantar na cuntais sin a dhúnadh mar a ndéantar cur síos air inár Lárionad Cabhrach Cóipchirt.
Ábhar Google
I gcuid dár seirbhísí tá ábhar a bhaineann le Google – mar shampla, go leor de na léaráidí amhairc a fheiceann tú in Google Maps. Is féidir leat ábhar Google a úsáid mar a cheadaítear leis na téarmaí seo agus aon téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, ach coinnímid aon chearta maoine intleachtúla atá againn inár n-ábhar. Ná bain, ná ceil agus ná hathraigh aon bhrandáil, lógó nó fógra dlí dár gcuid. Más mian leat ár mbrandáil nó lógónna a úsáid, féach ar leathanach Ceadanna Branda Google.
Ábhar eile
Ar deireadh, tugann cuid dár seirbhísí rochtain duit ar ábhar a bhaineann le daoine eile nó le heagraíochtaí eile, mar shampla, cur síos úinéir siopa ar a g(h)nólacht féin nó alt nuachtáin a thaispeántar in Google News. Ní féidir leat an t-ábhar sin a úsáid gan cead an duine nó na heagraíochta sin, nó mar a cheadaítear a mhalairt le dlí. Maidir leis na tuairimí a chuirtear in iúl in ábhar ó dhaoine eile nó ó eagraíochtaí eile, is leosan iad agus ní gá go léireoidís tuairimí Google.
Bogearraí i seirbhísí Google
Áirítear le cuid dár seirbhísí bogearraí in-íoslódáilte nó réamhlódáilte. Tugaimid cead duit na bogearraí sin a úsáid mar chuid de na seirbhísí.
- infheidhmithe ar fud an domhain, rud a chiallaíonn go bhfuil sé bailí áit ar bith ar domhan
- neamheisiach, rud a chiallaíonn gur féidir linn na bogearraí a cheadúnú do dhaoine eile
- saor ó dhleacht, rud a chiallaíonn nach ngearrtar aon táillí airgid ar an gceadúnas seo
- pearsanta, rud a chiallaíonn nach mbaineann ceadúnas duine áirithe le haon duine eile
- neamh-inshannta, rud a chiallaíonn nach bhfuil cead agat an ceadúnas a shannadh d'aon duine eile
I gcuid dár seirbhísí tá bogearraí a thairgtear faoi théarmaí ceadúnais foinse oscailte a chuirimid ar fáil duit. Uaireanta tá forálacha sa cheadúnas foinse oscailte a sháraíonn codanna de na téarmaí seo go sainráite, mar sin bí cinnte go léann tú na ceadúnais sin.
Ní féidir leat aon chuid dár seirbhísí nó dár mbogearraí a chóipeáil, a mhodhnú, a dháileadh, a dhíol ná a léasú.
I gcás fadhbanna nó easaontuithe
Séanadh baránta
Thógamar ár gcáil ar sheirbhísí úsáideacha iontaofa a chur ar fáil amhail Cuardach Google agus Google Maps agus feabhsaímid ár seirbhísí go leanúnach chun freastal ar do chuid riachtanas. Mar sin féin, chun críocha dlí, cuirimid ár seirbhísí ar fáil gan bharántaí mura sonraítear amhlaidh go soiléir inár dtéarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís. Éilíonn an dlí go mínímid é seo le teanga dlí ar leith agus go n-úsáidfimid ceannlitreacha chun cabhrú lena chinntiú go bhfeiceann tú é, mar seo a leanas:
SA MHÉID GO gCEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ IS INFHEIDHME É, CUIRIMID ÁR SEIRBHÍSÍ AR FÁIL "MAR ATÁ", GAN AON BARÁNTA SAINRÁITE NÁ INTUIGTHE, LENA nÁIRÍTEAR BARÁNTAÍ INTUIGTHE INDÍOLTACHTA, OIRIÚNACHTA CHUN CRÍCHE ÁIRITHE AGUS NEAMHSHÁRAITHE. MAR SHAMPLA, NÍ THUGAIMID AON BHARÁNTA FAOI ÁBHAR NÁ GNÉITHE NA SEIRBHÍSÍ, LENA nÁIRÍTEAR FAOINA gCRUINNEAS, FAOINA nIONTAOFACHT, FAOINA nINFHAIGHTEACHT NÓ AGUS gCUMAS FREASTAL AR DO CHUID RIACHTANAS.
NÁ BRAITH AR NA SEIRBHÍSÍ LE hAGHAIDH COMHAIRLE LEIGHIS, DHLÍTHIÚIL NÓ AIRGEADAIS NÓ COMHAIRLE GHAIRMIÚIL EILE. SOLÁTHRAÍTEAR AON ÁBHAR A BHAINEANN LEIS NA TOPAICÍ SIN CHUN CRÍOCHA FAISNÉISE AMHÁIN AGUS NÍL AON CHOMPARÁID IDIR É AGUS AN CHOMHAIRLE A FHAIGHTEAR Ó DHUINE GAIRMIÚIL CÁILITHE.
Dliteanais
Do gach úsáideoir
Déanann an dlí agus na téarmaí seo iarracht cothromaíocht a bhaint amach maidir leis an méid is féidir leat féin nó Google a éileamh ón gceann eile i gcás fadhbanna. Sin an fáth a n-éilíonn an dlí ar gach duine a bheith freagrach as dliteanais áirithe — ach ní dliteanais eile — faoi na téarmaí seo.
Ní chuireann na téarmaí seo srian lenár bhfreagrachtaí ach de réir mar a cheadaítear faoin dlí is infheidhme. Ní chuireann na téarmaí seo teorainn le dliteanas as mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil.
- Níl Google faoi dhliteanas ach amháin as a sháruithe ar na téarmaí seo nó as na téarmaí breise is infheidhme a bhaineann go sonrach le seirbhís
- Níl Google faoi dhliteanas i leith na nithe seo a leanas:
- caillteanas brabús, ioncaim, deiseanna gnó, dea-thola nó coigilteas réamh-mheasta
- caillteanais indíreacha nó iarmhartacha,
- damáistí pionósacha
- Tá dliteanas iomlán Google a éiríonn as na téarmaí seo nó a bhaineann leo teoranta do cibé acu seo is mó (1)$200 nó (2) na táillí a íocadh chun na seirbhísí ábhartha a úsáid sna 12 mhí roimh an díospóid
D'úsáideoirí gnó agus d'eagraíochtaí gnó amháin
Más úsáideoir gnó nó eagraíocht thú:
- Sa mhéid go gceadaítear faoin dlí is infheidhme é, slánóidh tú Google agus a stiúrthóirí, a oifigigh, a fhostaithe agus a chonraitheoirí ar aon imeachtaí dlí tríú páirtí (lena n-áirítear gníomhartha ag údaráis rialtais) a éiríonn as na nithe seo a leanas nó atá bainteach leo: úsáid neamhdhleathach a bhaineann tú as na seirbhísí nó sárú a dhéanann tú ar na téarmaí seo nó ar théarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís. Clúdaíonn slánaíocht den chineál sin aon dliteanas nó aon chostas a éiríonn as éilimh, cailliúintí, damáistí, breithiúnais, fíneálacha, costais dlíthíochta agus táillí dlí.
- Má tá tú díolmhaithe go dleathach ó fhreagrachtaí áirithe, lena n-áirítear slánú, ní bhaineann na freagrachtaí sin leat faoi na téarmaí seo. Mar shampla, tá díolúintí áirithe ag na Náisiúin Aontaithe ó oibleagáidí dleathacha agus ní sháraíonn na téarmaí seo na díolúintí sin.
Gníomh a dhéanamh i gcás fadhbanna
Sula ndéanfaimid gníomh mar a dtugtar cur síos air thíos, tabharfaimid réamhfhógra duit nuair is féidir go réasúnta, déanfaimid cur síos ar an gcúis atá lenár ngníomh agus tabharfaimid an deis duit an fhadhb a shoiléiriú agus í a réiteach, mura mbeadh na nithe seo a leanas mar thoradh ar amhlaidh a dhéanamh:
- dochar nó dliteanas a dhéanamh d'úsáideoir, do thríú páirtí nó do Google
- an dlí nó ordú údaráis forfheidhmithe dlí a shárú
- cur as d'fhiosrúchán
- oibriú, sláine nó slándáil ár seirbhísí a chur i mbaol
D'ábhar a bhaint
Más rud é go (1) sáraíonn aon chuid de d'ábhar na téarmaí seo nó téarmaí nó polasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, (2) go mbriseann sé an dlí is infheidhme nó (3) go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dár n-úsáideoirí nó do Google, forchoimeádaimid an ceart an t-ábhar sin a bhaint anuas i bpáirt no ina iomláine de réir an dlí is infheidhme. I measc na samplaí tá pornagrafaíocht leanaí, ábhar a éascaíonn gáinneáil nó ciapadh ar dhaoine, ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar a sháraíonn cearta maoine intleachtúla duine eile.
Do rochtain ar sheirbhísí Google a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh
Gan teorainn a chur le haon cheann dár gcearta eile, féadfaidh Google do rochtain ar na seirbhísí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó do Chuntas Google a scriosadh má tharlaíonn aon cheann de na rudaí seo:
- sáraíonn tú na téarmaí seo go hábhartha nó arís agus arís eile, nó téarmaí nó polasaithe breise a bhaineann go sonrach le seirbhís
- ceanglaítear orainn é sin a dhéanamh chun ceanglas dlí nó ordú cúirte a chomhlíonadh
- gur cúis le d'iompar dochar nó dliteanas d'úsáideoir, do thríú páirtí nó do Google — mar shampla, trí haiceáil, fioscaireacht, ciapadh, daoine eile a chur amú nó ábhar nach leatsa é a chamchóipeáil
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na fáthanna a ndéanaimid cuntais a dhíchumasú agus cad a tharlaíonn nuair a dhéanaimid é sin, féach ar an leathanach seo den Lárionad Cabhrach. Má chreideann tú gur cuireadh do Chuntas Google ar fionraí nó gur cuireadh deireadh leis de bhotún, is féidir leat achomharc a dhéanamh.
Ar ndóigh, tá tú in ann stopadh de bheith ag úsáid ár seirbhísí am ar bith. Dá stopfá de bheith ag úsáid seirbhíse, bheimis buíoch as fios a bheith againn cén fáth ionas gurbh fhéidir linn leanúint ar aghaidh ag feabhsú ár seirbhísí.
Díospóidí a réiteach, an dlí rialaithe agus cúirteanna
Le haghaidh faisnéise maidir leis an gcaoi le teagmháil a dhéanamh le Google, tabhair cuairt ar ár leathanach teagmhála.
Rialóidh dlí California gach díospóid a eascraíonn as na téarmaí seo, as téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís nó as aon seirbhís ábhartha, chomh maith le haon díospóid a bhaineann leis na nithe sin ar fad, beag beann ar rialacha dlíthe ag teacht salach ar a chéile. Réiteofar na díospóidí sin go heisiach i gcúirteanna feidearálacha nó stáit de chuid Santa Clara County, California, SAM, agus tugann tusa agus Google toiliú do dhlínse phearsanta sna cúirteanna sin.
Maidir leis na téarmaí seo
De réir an dlí, tá cearta áirithe agat nach féidir a bheith teoranta ag conradh amhail na téarmaí seirbhíse seo. Níl sé i gceist go ndéanfaidh na téarmaí seo na cearta sin a shrianadh ar aon bhealach.
Déanann na téarmaí seo cur síos ar an gcaidreamh idir tú féin agus Google. Ní chruthaíonn siad aon chearta dlí do dhaoine eile ná d'eagraíochtaí, fiú má bhaineann daoine eile tairbhe as an gcaidreamh sin faoi na téarmaí seo.
Ba mhaith linn na téarmaí seo a dhéanamh éasca le tuiscint, mar sin d'úsáideamar samplaí ónár seirbhísí. Ach b'fhéidir nach mbeadh gach seirbhís a luaitear ar fáil i do thír féin.
Mura bhfuil na téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís ag teacht leis na téarmaí seo, rialóidh na téarmaí breise don tseirbhís sin.
Má tharlaíonn sé nach bhfuil téarma ar leith bailí ná infheidhmithe, ní bheidh tionchar aige sin ar aon téarmaí eile.
Mura leanann tú na téarmaí seo nó na téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís agus mura ndéanaimid gníomh ar an bpointe boise, ní chiallaíonn sé sin go bhfuilimid ag tabhairt suas aon chearta is féidir a bheith againn, mar shampla gníomh a dhéanamh amach anseo.
D'fhéadfaimis na téarmaí seo agus na téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís a nuashonrú (1) chun athruithe maidir lenár seirbhísí nó leis an gcaoi a ndéanaimid gnó a léiriú – mar shampla, nuair a chuirimid seirbhísí, teicneolaíochtaí, praghsáil nó sochair nua leis (nó nuair a bhainimid seanchinn), (2) ar chúiseanna dleathacha, rialála nó slándála, nó (3) chun mí-úsáid nó dochair a chosc.
Má athraímid na téarmaí seo nó na téarmaí breise a bhaineann go sonrach le seirbhís, tabharfaimid réamhfhógra réasúnta agus an deis duit chun na hathruithe a athbhreithniú, seachas (1) nuair a sheolaimid seirbhís nó gné nua nó (2) i gcásanna práinneacha, amhail mí-úsáid leanúnach a chosc nó ceanglais dlí a chomhlíonadh. Mura gcomhaontaíonn tú leis na téarmaí nua, ba cheart duit d'ábhar a bhaint agus stopadh de bheith ag úsáid na seirbhísí. Is féidir leat deireadh a chur le do chaidreamh linn am ar bith freisin ach do Chuntas Google a dhúnadh. Má dhúnann tú do Chuntas Google agus má dhéanann tú rochtain ar ár seirbhísí nó má úsáideann tú iad gan chuntas, beidh an rochtain agus an úsáid sin faoi réir an leagain is reatha de na téarmaí seo.
Sainmhínithe
baránta
Dearbhú go bhfeidhmeoidh táirge nó seirbhís ar chaighdeán áirithe.
cearta maoine intleachtúla (cearta IP)
Cearta maidir le saothair intinne duine, amhail aireagáin (cearta paitinne); saothair litríochta agus ealaíne (cóipcheart); dearaí (cearta dearaidh); agus siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil (trádmharcanna). D'fhéadfadh go mbainfeadh cearta IP leatsa, le duine eile nó le heagraíocht.
cleamhnaí
Páirtí a bhaineann le grúpa cuideachtaí Google, rud a chiallaíonn Google LLC agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear na cuideachtaí seo a leanas a sholáthraíonn seirbhísí tomhaltóirí san AE: Google Ireland Limited, Google Commerce Limited agus Google Dialer Inc.
cóipcheart
Ceart dlí a ligeann do chruthaitheoir saothair bhunaidh (amhail blagphostáil, grianghraf nó físeán) cinneadh a dhéanamh an féidir le daoine eile an saothar bunaidh sin a úsáid, faoi réir teorainneacha agus eisceachtaí áirithe (amhail "úsáid chóir" agus "déileáil chóir").
d'ábhar
Rudaí a chruthaíonn tú, a uaslódálann, a chuireann isteach, a stórálann, a sheolann, a fhaigheann nó a chomhroinneann trínár seirbhísí a úsáid, mar shampla:
- doiciméid a chruthaíonn tú le Docs, Sheets agus Slides
- blagphostálacha a uaslódálann tú trí Blogger
- athbhreithnithe a chuireann tú isteach trí Maps
- físeáin a stórálann tú i Drive
- ríomhphoist a sheolann tú agus a fhaigheann tú trí Gmail
- pictiúir a chomhroinneann tú le cairde trí Photos
- cúrsaí taistil a chomhroinneann tú le Google
dliteanas
Caillteanais ó aon chineál éilimh dlí, cibé acu an t-éileamh a bheith bunaithe ar chonradh, ar thort (lena n-áirítear faillí) nó ar aon chúis eile, agus cibé acu a d'fhéadfaí nó nach bhféadfaí na caillteanais sin a réamh-mheas nó a thuar go réasúnta.
eagraíocht
Páirtí dlíthiúil (amhail corparáid, eagraíocht neamhbhrabúis nó scoil) agus ní duine aonair.
leagan tíre
Má tá Cuntas Google agat, ceanglaímid do chuntas le tír (nó críoch) ionas gur féidir linn an méid seo a leanas a shocrú:
- an cleamhnaí Google a sholáthraíonn na seirbhísí duit agus a phróiseálann d'fhaisnéis de réir mar a úsáideann tú na seirbhísí
- an leagan de na téarmaí a rialaíonn ár gcaidreamh
Nuair atá tú sínithe amach, socraítear do leagan tíre ón suíomh a bhfuil seirbhísí Google in úsáid agat ann. Má tá cuntas agat, is féidir leat síniú isteach agus féachaint ar na téarmaí seo chun an tír a bhaineann leis a fheiceáil.
séanadh
Ráiteas a chuireann teorainn le freagrachtaí dlíthiúla duine.
seirbhísí
Is táirgí agus seirbhísí atá liostaithe ag https://policies.google.com/terms/service-specific iad na seirbhísí Google atá faoi réir na dtéarmaí seo, lena n-áirítear:
- aipeanna agus suíomhanna (amhail Cuardach agus Maps)
- ardáin (amhail Google Shopping)
- seirbhísí comhtháite (amhail Maps atá leabaithe in aipeanna nó i suíomhanna ar le cuideachtaí eile iad)
- gléasanna agus earraí eile (amhail Google Nest)
Cuimsíonn go leor de na seirbhísí seo ábhar ar féidir leat a shruthú nó idirghníomhú leis.
Slánaigh nó slánú
Oibleagáid chonarthach duine aonair nó eagraíochta na caillteanais a chúiteamh a rinneadh ar dhuine aonair nó eagraíocht eile mar gheall ar imeachtaí dlí amhail cásanna dlí.
tomhaltóir
Duine aonair a úsáideann seirbhísí Google ar chúiseanna pearsanta neamhthráchtála lasmuigh den trádáil, den ghnólacht, den cheird nó den ghairm atá ag an duine sin. (Féach ar "úsáideoir gnó")
trádmharc
Siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil atá in ann idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta amháin agus earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta eile.
úsáideoir gnó
Duine aonair nó páirtí nach tomhaltóir é (féach ar "tomhaltóir").