Treoirleabhar Príobháideachais do Dhéagóirí
Do phríobháideachas ar Google
Seo an áit ar féidir leat freagraí a fháil ar chuid de na ceisteanna is coitianta a chuirtear orainn maidir le príobháideachas, amhail Cad is sonraí ann? Féach ar an bPolasaí maidir le Príobháideachais chomh maith más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil.
Do shuíomh
An bhfuil mo shuíomh ar eolas ag Google?
Cibé uair a úsáideann tú an tIdirlíon, is féidir le haipeanna agus le suíomhanna meastachán garbh a dhéanamh ar an áit a bhfuil tú agus is amhlaidh é sin i gcás Google. D'fhéadfadh do shuíomh beacht a bheith ar eolas ag Google chomh maith, ag brath ar shocruithe do ghléis. (Féach Cé chomh beacht is atá mo shuíomh?)
Nuair a dhéanann tú cuardach ar Google, amhail le Cuardach, Maps nó Google Assistant, d'fhéadfaí do shuíomh reatha a úsáid chun torthaí níos úsáidí a thabhairt duit. Mar shampla, má chuardaíonn tú bialanna, is dócha gurb iad na torthaí is úsáidí ná na bialanna atá in aice leis an áit ina bhfuil tú.
Féach An chaoi ar féidir leat do shuíomh a bhainistiú
Conas is féidir liom suíomh a chur ar siúl agus a mhúchadh?
Nuair a chuardaíonn tú ar Google, déanfaidh Google meastachán i gcónaí ar an gceantar ginearálta ina bhfuil tú i mbun cuardaigh. Is féidir le Google, cosúil le haon aip nó suíomh gréasáin a úsáideann tú lena gceanglaítear leis an Idirlíon, do shuíomh a mheas bunaithe ar sheoladh IP do ghléis. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Cén chaoi a bhfuil an áit a bhfuilim ar eolas ag Google?
Chun rogha a dhéanamh maidir le do shuíomh beacht a sheoladh nuair a úsáideann tú Google, is féidir leat ceadanna suímh a chur ar siúl nó a mhúchadh d'aipeanna agus do shuíomhanna aonair, agus do do ghléas.
Má shocraíonn tú do sheoltaí baile nó oibre, agus má mheasann Google go bhfuil tú sa bhaile nó ag an obair, úsáidfear an seoladh beacht do do chuardach.
Cé chomh beacht is atá mo shuíomh?
Do cheantar ginearálta
Nuair a chuardaíonn tú ar Google, déanfaidh Google meastachán i gcónaí ar an gceantar ginearálta ina bhfuil tú i mbun cuardaigh. Ar an gcaoi sin, is féidir le Google torthaí ábhartha a thabhairt duit agus do chuntas a choinneáil sábháilte trí ghníomhaíocht neamhghnách a aimsiú, amhail síniú isteach ó chathair nua.
Níos mó ná 3 km cearnach atá i gceist le hachar ceantair ghinearálta agus bíonn 1,000 úsáideoir ar a laghad ann ionas nach n-aithneofaí thú ó cheantar ginearálta do chuardaigh, rud a chabhraíonn le do phríobháideachas a chosaint.
Do shuíomh beacht
Má thugann tú do chead, is féidir le Google do shuíomh beacht a úsáid. Mar shampla, teastaíonn do shuíomh beacht ó Google chun na torthaí is ábhartha a thabhairt ar ais do chuardaigh amhail "tithe uachtair reoite in aice liom" nó treoracha siúil céim ar chéim chuig siopa.
Ciallaíonn suíomh beacht an áit go díreach ina bhfuil tú, amhail seoladh ar leith.
Cén chaoi a bhfuil a fhios ag Google an áit a bhfuilim?
Úsáidtear foinsí éagsúla le chéile chun meastachán a dhéanamh ar an áit a bhfuil tú, .i. do shuíomh.
Seoladh IP do ghléis
Bíonn seoltaí IP bunaithe go garbh ar an tíreolaíocht, cosúil le cóid cheantair uimhreacha gutháin. Ciallaíonn sé sin gur féidir an ceantar ginearálta ina bhfuil tú a mheas mar gheall ar do sheoladh IP a bhuí le haon aip nó suíomh gréasáin a úsáideann tú, lena n-áirítear google.com. Sannann do Sholáthraí Seirbhíse Idirlín seoladh IP do ghléis do do ghléas, agus tá an seoladh IP sin ag teastáil chun an tIdirlíon a úsáid.
Suíomh do ghléis
Má thugann tú cead d'aip nó do shuíomh Google suíomh do ghléis a úsáid, is féidir an fhaisnéis sin a úsáid chun cabhrú leat a thuiscint cá bhfuil tú. Tá socrú suímh ag beagnach gach gléas mar chuid den chóras oibriúcháin, de ghnáth i socruithe.
Do ghníomhaíocht ar Google
Is féidir le Google an ceantar ginearálta ina bhfuil tú a mheas bunaithe ar do chuardaigh Google roimhe seo. Mar shampla, má chuardaíonn tú píotsa i Mumbai go minic, is dócha gur mhaith leat torthaí i Mumbai a fheiceáil.
D'áiteanna lipéadaithe
Má shocraíonn tú do sheoladh baile nó oibre, is féidir le Google iad a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar an áit a bhfuil tú. Mar shampla, má shocraíonn tú do sheoladh baile, agus má thugtar le fios le do sheoladh IP, le do ghníomhaíocht roimhe seo nó le foinsí eile faisnéise suímh go bhféadfá a bheith in aice le do bhaile, ansin úsáidfimid suíomh do bhaile mar mheastachán ar an áit a bhfuil tú.
Cé na daoine ar féidir leo mo shuíomh a fheiceáil?
Is leatsa an rogha. Má úsáideann tú Comhroinnt Suíomhanna Google, is féidir leat do shuíomh fíor-ama a chomhroinnt le cairde agus le do mhuintir ar fud sheirbhísí Google.
Seiceáil an bhfuil do shuíomh á chomhroinnt agat
Tá Comhroinnt Suíomhanna múchta de réir réamhshocraithe. Más mian leat do shuíomh fíor-ama a chomhroinnt, ní mór duit na daoine ar mhaith leat é a chomhroinnt leo, agus an fad ama a theastaíonn uait é a chomhroinnt, a roghnú agus a dheimhniú. Is féidir leat stop a chur le do shuíomh a chomhroinnt am ar bith.
Comhroinnt ar Google
Cad is féidir le daoine eile a fheiceáil nuair a chomhroinnim ar Google?
Braitheann an méid is féidir le daoine eile a fheiceáil fút ar sheirbhísí Google ar an méid a chomhroinneann tú agus ar an gcaoi a gcomhroinneann tú é:
Comhroinnt phoiblí
Má chuireann tú le haipeanna amhail Google Maps, is féidir le daoine eile d'ainm agus do phictiúr a fheiceáil. Mar shampla, má thugann tú rátáil don teach uachtair reoite is fearr leat, is féidir le daoine eile do rátáil, d'ainm agus do phictiúr a fheiceáil má fhéachann siad thart ar an teach sin ar Google Maps.
Comhroinnt phríobháideach
Má chomhroinneann tú rudaí amhail grianghraif, físeáin agus doiciméid le daoine eile, beidh d'ainm agus do phictiúr le feiceáil ag an duine a bhfuil tú ag seoladh na rudaí sin chuige/chuici chomh maith leis an méid atá á chomhroinnt agat.
Déan do mhachnamh sula gcomhroinneann tú le daoine eile, agus bíodh tuiscint agat ar an leibhéal rochtana atá á thabhairt agat. Mar shampla, nuair a thugann tú rochtain comhroinnte ar rudaí amhail fillteáin in Google Drive nó albaim in Google Photos, d'fhéadfadh rochtain leanúnach a bheith ag daoine agus tú ag cur ábhar nua leis.
Cé atá in ann na rudaí a chomhroinnim a fheiceáil, amhail grianghraif, físeáin agus doiciméid?
Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ábhar ar leith a chomhroinnt le daoine eile sna seirbhísí Google a úsáideann tú.
Ná déan dearmad nuair a chomhroinneann tú ábhar, is féidir le daoine eile é a chomhroinnt arís, fiú amháin in aipeanna agus ar shuíomhanna lasmuigh de Google.
Is féidir leat d'ábhar féin a scriosadh ó do chuntas am ar bith, ach ní scriostar leis sin cóipeanna a chomhroinn tú cheana féin.
Bí cúramach faoin méid a chomhroinneann tú, agus ná comhroinn é ach le daoine a bhfuil muinín agat astu.
An gcomhroinneann Google m'fhaisnéis phearsanta le daoine eile riamh?
Ní chomhroinnimid d'fhaisnéis phearsanta le cuideachtaí, eagraíochtaí ná daoine aonair lasmuigh de Google ach amháin i gcásanna teoranta amhail nuair a cheanglaítear orainn le dlí déanamh amhlaidh.
Má tá Cuntas Google agat trí do scoil (cuntas Google Workspace for Education), beidh rochtain ag an riarthóir scoile a bhainistíonn do chuntas ar d'fhaisnéis.
Rochtain ag riarthóirí scoile
Is féidir go mbeidh do riarthóir scoile in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo a leanas i do chuntas Google Workspace for Education:
- Rochtain a fháil ar fhaisnéis atá stóráilte i do chuntas, amhail do sheoladh ríomhphoist, agus í a choinneáil
- Féach ar staitisticí maidir le do chuntas, cosúil le cé mhéad aipeanna a shuiteálann tú
- Pasfhocal do chuntais a athrú
- An rochtain chuntais agat a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh
- Faigh do chuid faisnéise cuntais chun an dlí, rialachán, próiseas dlíthiúil nó iarratas infheidhmithe rialtais atá bainteach a shásamh
- Srian a chur le do chumas i dtaca le d'fhaisnéis nó do shocruithe príobháideachais a scriosadh nó a chur in eagar
Na cúiseanna a bhféadfadh Google d'fhaisnéis a chomhroinnt
Nuair a thugann tú cead dúinn
Mar shampla, má úsáideann tú Google Assistant chun píotsa a ordú, gheobhaimid do chead sula gcomhroinnfimid d'ainm nó d'uimhir ghutháin leis an mbialann. Féach An chaoi a gcabhraíonn Google leat sonraí a chomhroinnt go slán sábháilte le haipeanna agus seirbhísí tríú páirtí
Le riarthóirí fearainn, mar a mhínítear thuas.
Le haghaidh próiseáil sheachtrach, soláthraímid faisnéis phearsanta do chuideachtaí a n-oibrímid leo chun sonraí a phróiseáil de réir treoracha a thugaimid dóibh. Mar shampla, úsáidimid cuideachtaí seachtracha chun cabhrú linn le tacaíocht do chustaiméirí, agus ní mór dúinn faisnéis phearsanta a chomhroinnt leis an gcuideachta chun ceisteanna úsáideoirí a fhreagairt.
Chun críocha dlí
Comhroinnfimid faisnéis phearsanta lasmuigh de Google má chreidimid go bhféadfadh sé a bheith riachtanach í a chur ar fáil chun:
- Aon dlí, aon rialachán, aon phróiseas dlí nó aon iarratas infheidhmithe rialtais atá infhorghníomhaithe a chomhlíonadh.
- Téarmaí Seirbhíse infheidhme a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear sáruithe féideartha a fhiosrú.
- Fadhbanna calaoise, teicniúla nó slándála a bhrath, a chosc nó, seachas sin, dul i ngleic leo.
- Cosaint a thabhairt ar dhochar do chearta, do mhaoin nó do shlándáil Google, ár n-úsáideoirí nó an phobail, de réir mar a éilítear nó a cheadaítear de réir an dlí.
Sonraí agus oiriúnú
Cad iad na sonraí a bhailíonn Google fúm?
Nuair a úsáideann tú seirbhísí Google, bailímid faisnéis a theastaíonn uainn chun iad a chur ar fáil duit, chun iad a dhéanamh níos úsáidí duit agus ar chúiseanna eile mar a mhínítear in Cén fáth a mbailíonn Google sonraí?.
Le do shocruithe, is féidir leat teorainn a chur leis na sonraí a bhailímid agus leis an gcaoi a n-úsáidtear na sonraí sin. Mar shampla, mura dteastaíonn uait go sábhálfaimid do Stair YouTube chuig do Chuntas Google, is féidir leat Stair YouTube a mhúchadh. Féach Conas is féidir liom cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid a shábhálann Google?
Cad is sonraí ann?
Áirítear le d'fhaisnéis phearsanta rudaí a chuireann tú ar fáil dúinn ina n-aithnítear thú go pearsanta, amhail d'ainm nó do sheoladh ríomhphoist. Áirítear léi chomh maith sonraí eile ar féidir le Google iad a nascadh go réasúnta leat, amhail faisnéis a cheanglaímid leat i do Chuntas Google.
Áirítear le d'fhaisnéis phearsanta dhá chineál rudaí:
Rudaí a sholáthraíonn nó a chruthaíonn tú
Nuair a chruthaíonn tú Cuntas Google, soláthraíonn tú faisnéis phearsanta dúinn amhail d'ainm agus pasfhocal.
Is féidir leat ábhar a chruthaíonn tú, a uaslódálann tú nó a fhaigheann tú ó dhaoine eile a shábháil chomh maith, amhail teachtaireachtaí ríomhphoist agus grianghraif.
Na rudaí a dhéanann tú ar Google
Bailímid faisnéis faoi do ghníomhaíocht inár seirbhísí, lena bhféadfadh sé go n-áireofaí leis rudaí amhail na téarmaí a chuardaíonn tú agus na físeáin a bhféachann tú orthu, na daoine a ndéanann tú cumarsáid leo nó a gcomhroinneann tú ábhar leo agus do stair bhrabhsála Chrome chun eispéireas níos fearr a chur ar fáil.
Bailímid faisnéis faoi na haipeanna, na brabhsálaithe agus na gléasanna a úsáideann tú chun rochtain a fháil ar sheirbhísí Google, rud a chabhraíonn linn gnéithe amhail gile do scáileáin a ísliú a sholáthar, má tá do cheallra lag.
Próiseálaimid do shuíomh, mar shampla nuair a bhíonn gnéithe á n-úsáid agat amhail treoracha casadh ar chasadh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an rannán Suíomh.
Cén fáth a mbailíonn Google sonraí?
Bailímid faisnéis a theastaíonn uainn chun ár seirbhísí a sholáthar, chun iad a dhéanamh níos úsáidí duitse agus ar chúiseanna eile mar a mhínítear i Na bealaí a n-úsáidimid sonraí.
Mar shampla, is féidir le Google Maps cabhrú leat an áit a bhfuil tú ag dul a bhaint amach agus trácht a sheachaint toisc go n-úsáidtear é chun faisnéis faoin áit a bhfuil tú ann (do shonraí) a chur le sonraí poiblí (léarscáileanna agus faisnéis faoi áiteanna poiblí).
Na bealaí a n-úsáidimid sonraí
Ár seirbhísí a sholáthar
Úsáidimid sonraí chun ár seirbhísí a sholáthar, mar shampla déanaimid na téarmaí a chuardaíonn tú a phróiseáil chun torthaí a ais-seoladh duit.
Ár seirbhísí a choinneáil agus a fheabhsú
Bíonn sonraí ina gcabhair againn chun ár seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú. Mar shampla, is féidir linn éarthaí seirbhíse a rianú. Agus le tuiscint ar na téarmaí cuardaigh is minice a mhílitrítear, cabhraítear linn feabhas a chur ar ghnéithe seiceála litrithe a úsáidtear ar fud ár seirbhísí.
Seirbhísí nua a fhorbairt
Bíonn sonraí ina gcabhair againn chun seirbhísí nua a fhorbairt. Mar shampla, bhíomar in ann tuiscint a fháil ar an gcaoi ar eagraigh daoine a ngrianghraif inár gcéad aip grianghraf, Picasa, agus d'úsáideamar na sonraí sin chun cabhrú le Google Photos a dhearadh agus a sheoladh. Agus d'fhéadfaimis d'idirghníomhaíochtaí lenár seirbhísí, lena n-áirítear ár dtáirgí IS ghiniúnaigh, a úsáid chun na seirbhísí sin a fhorbairt agus a fheabhsú.
Seirbhísí oiriúnaithe a sholáthar, lena n-áirítear ábhar agus fógraí
Úsáidimid sonraí chun ábhar oiriúnaithe a sholáthar, mar shampla, moltaí d'fhíseáin a bhféadfadh spéis a bheith agat iontu. Ag brath ar do shocruithe agus ar d'aois, d'fhéadfadh sé go dtaispeánfaimis fógraí oiriúnaithe duit de réir na n-ábhar a bhfuil spéis agat iontu.
Feidhmíocht a thomhas
Úsáidimid sonraí chomh maith chun feidhmíocht a thomhas agus chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear ár seirbhísí
Cumarsáid a dhéanamh leat
D'fhéadfaimis do sheoladh ríomhphoist a úsáid chun fógra a sheoladh chugat má aimsímid gníomhaíocht amhrasach
Google, ár n-úsáideoirí agus an pobal a chosaint
Úsáidimid sonraí chun daoine a choinneáil níos sábháilte ar líne, amhail calaois a aimsiú agus a chosc
Cén chaoi a n-úsáideann Google sonraí chun rudaí a oiriúnú?
Úsáidimid an fhaisnéis a bhailímid chun ár n-aipeanna agus ár suíomhanna a shaincheapadh duit, mar shampla:
- Moltaí maidir le físeáin a bhféadfadh spéis a bheith agat iontu
- Noda slándála atá in oiriúint don chaoi a n-úsáideann tú seirbhísí Google (féach Seiceáil Slándála)
Úsáidimid sonraí chomh maith chun fógraí a oiriúnú ach amháin i gcásanna amhail nuair a bhíonn an socrú múchta nó nuair is le haghaidh aoisghrúpaí áirithe atá sé.
An oiriúnaíonn Google na fógraí a fheicim?
Déanaimid iarracht na fógraí a thaispeánaimid a dhéanamh chomh húsáideach agus is féidir. Ach ní oiriúnaímid fógraí d'aoiseanna áirithe ná do dhaoine a mhúchann "Oiriúnú fógraí".
Is féidir linn fógraí a dhéanamh úsáideach fós fiú gan iad a oiriúnú. Mar shampla, má tá tú ag féachaint ar leathanach torthaí le haghaidh "bróga nua", seans go bhfeicfidh tú fógra ó chuideachta bróg spóirt. Is féidir leis an bhfógra a bheith bunaithe ar ghnáthrudaí amhail am den lá, do shuíomh ginearálta agus ábhar an leathanaigh a bhfuil tú ag féachaint air.
Is tusa atá i gceannas
Conas is féidir liom cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid a shábhálann Google chuig mo chuntas?
Agus seirbhís Google á húsáid agat, amhail Photos, tá socruithe ann lena ligtear duit cinneadh a dhéanamh ar rudaí amhail más mian leat cúltaca a dhéanamh de do ghrianghraif agus iad a shioncronú.
Tá socruithe ann chomh maith lena ligtear duit cinneadh a dhéanamh an sábháiltear faisnéis faoi do ghníomhaíocht ar sheirbhísí Google mar stair chuig do Chuntas Google, agus an féidir le seirbhísí Google faisnéis i do Chuntas Google a úsáid chun d'eispéireas a oiriúnú.
Moltaí Oiriúnaithe i Seirbhísí Cuardaigh
Leis an socrú ligtear duit roghnú an féidir le seirbhísí Cuardaigh, amhail Cuardach, Maps, Shopping, Hotels, Flights, Aistriúchán agus News, moltaí oiriúnaithe a thabhairt duit i gcomhréir le faisnéis i do Chuntas Google, amhail faisnéis do phróifíle agus do stair a sábháladh. Mar shampla, is féidir le seirbhísí Cuardaigh an fhaisnéis sin a úsáid chun freagairtí IS a saincheapadh do d'ábhair spéise a chur ar fáil.
Stair na Seirbhísí Cuardaigh
Sábháiltear leis an socrú do ghníomhaíocht ar sheirbhísí Cuardaigh, amhail do chuardaigh agus d'fhaisnéis ghaolmhar amhail do shuíomh ginearálta. Úsáidtear do ghníomhaíocht chun d'eispéiris ar sheirbhísí Cuardaigh a shaincheapadh. Mar shampla, nuair a thosaíonn tú ag clóscríobh, is féidir leat cuardaigh a rinneadh roimhe seo a fheiceáil mar mholtaí. Úsáideann Google do shonraí maidir le Stair na Seirbhísí Cuardaigh chomh maith chun cabhrú le seirbhísí agus le teicneolaíochtaí Google a fheabhsú, lena n-áirítear samhlacha IS, agus chun Google, a úsáideoirí agus an pobal a chosaint.
Oiriúnú Play
Leis an socrú ligtear duit a roghnú an féidir le Google Play, ar mhaithe le d'eispéireas a dhéanamh níos oiriúnaithe, faisnéis i do Chuntas Google a úsáid, amhail míreanna a cheannaíonn tú agus a íoslódálann tú san aip Play Store. Mar shampla, is féidir le Play foghlaim ó na haipeanna a úsáideann tú chun aipeanna a mholadh duit ar bhealach níos fearr.
Stair Play
Sábháiltear leis an socrú do ghníomhaíocht Play, amhail na haipeanna a osclaíonn tú ar do ghléas, chuig do Chuntas Google. Is féidir an ghníomhaíocht sin a úsáid chun d'eispéireas a shaincheapadh ar fud sheirbhísí Google, amhail cabhrú leat na haipeanna atá á lorg agat a aimsiú níos tapúla.
Gníomhaíocht Ghréasáin & Aipe
Sábháiltear leis an socrú do ghníomhaíocht ó roinnt suíomhanna agus ó roinnt aipeanna Google, amhail Google TV, agus cuimsítear leis faisnéis ghaolmhar amhail suíomh. Sábháiltear leis chomh maith stair agus gníomhaíocht Chrome a sioncronaíodh ó shuíomhanna, ó aipeanna agus ó ghléasanna ina n-úsáidtear seirbhísí Google. Úsáidtear do ghníomhaíocht chun moltaí níos fearr agus eispéiris níos oiriúnaithe a thabhairt duit i seirbhísí Google.
Stair YouTube
Sábháiltear léi na físeáin a bhféachann tú orthu agus na rudaí a chuardaíonn tú nuair a úsáideann tú YouTube. Úsáidtear do Stair YouTube chun rudaí a dhéanamh amhail moltaí níos fearr a thabhairt duit agus cabhrú leat tosú san áit ar chríochnaigh tú.
Gníomhaíocht Aipeanna Gemini
Leis an socrú ligtear duit a roghnú an féidir le Google do ghníomhaíocht Gemini a úsáid, amhail do chomhráite agus an méid a chomhroinneann tú le Gemini (amhail comhaid agus grianghraif), chun cabhrú le seirbhísí Google a fheabhsú, lena n-áirítear samhlacha IS. Úsáidtear do Ghníomhaíocht Aipeanna Gemini chomh maith chun rudaí a dhéanamh, amhail tú a ligean comhráite a thosú san áit ar chríochnaigh tú am ar bith.
Conas a scriosaim mo shonraí?
Is féidir leat sonraí a shábháiltear i do Chuntas Google a scriosadh. Baintear na sonraí a roghnaíonn tú a scriosadh go buan dár gcórais. Leanaimid próiseas cúramach chun a chinntiú go mbaintear na sonraí sin go hiomlán dár bhfreastalaithe nó nach gcoinnítear iad ach i bhfoirm nach féidir a cheangal leatsa.
Tabhair cuairt ar Mo Ghníomhaíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a shábháiltear i do Chuntas Google, amhail leideanna a chuir tú isteach agus rudaí a chuardaigh tú, a léigh tú agus ar fhéach tú orthu. Is féidir leat píosaí ar leith gníomhaíochta nó do ghníomhaíocht ar fad laistigh de raon ama ar leith a scriosadh.
Is féidir leat rogha a dhéanamh do ghníomhaíocht a scriosadh go huathoibríoch chomh maith.
Conas a íoslódálaim m'ábhar?
Áirítear le d'ábhar rudaí amhail ríomhphoist, grianghraif, físeáin, doiciméid, bileoga, nótaí tráchta, teagmhálaithe agus imeachtaí féilire.
Tabhair cuairt ar Íoslódáil do shonraí chun cartlann de d'ábhar a chruthú – chun cúltaca a dhéanamh de nó chun é a thabhairt chuig cuideachta eile más mian leat seirbhís eile a thriail.
Cad iad na rialuithe atá agam nuair a bhím sínithe amach?
Tá rialuithe agat lena ligtear duit rogha a dhéanamh maidir leis an gcaoi le Google a úsáid, fiú agus tú sínithe amach. Nuair atá tú sínithe amach, tabhair cuairt ar g.co/privacytools chun na socruithe seo a athrú:
Saincheapadh cuardaigh
Leis sin, úsáidtear do chuardaigh Google ón mbrabhsálaí seo le haghaidh torthaí agus moltaí níos ábhartha.
Stair na gCuardach agus Stair Féachana YouTube
Leis sin, úsáidtear do ghníomhaíocht ar YouTube, amhail físeáin a bhféachann tú orthu agus rudaí a chuardaíonn tú, chun YouTube a oiriúnú duit.
Is féidir leat bac a chur ar roinnt fianán nó gach fianán i do bhrabhsálaí chomh maith, ach d'fhéadfadh gnéithe áirithe ar fud an Ghréasáin stopadh de bheith ag obair dá bharr sin. Mar shampla, iarrtar ó chuid mhór suíomhanna gréasáin go gcuirfear fianáin ar siúl nuair a theastaíonn uait síniú isteach.
Is féidir le húsáideoirí atá sínithe amach rogha a dhéanamh maidir le fógraí oiriúnaithe a fheiceáil, cé nach n-oiriúnaímid fógraí d'aoisghrúpaí áirithe.
