Príobháideachas agus Téarmaí
Príobháideachas agus Téarmaí

Sainmhínithe

baránta

Dearbhú go bhfeidhmeoidh táirge nó seirbhís ar chaighdeán áirithe.

cearta maoine intleachtúla (cearta IP)

Cearta maidir le saothair intinne duine, amhail aireagáin (cearta paitinne); saothair litríochta agus ealaíne (cóipcheart); dearaí (cearta dearaidh); agus siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil (trádmharcanna). D'fhéadfadh go mbainfeadh cearta IP leatsa, le duine eile nó le heagraíocht.

cleamhnaí

Páirtí a bhaineann le grúpa cuideachtaí Google, rud a chiallaíonn Google LLC agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear na cuideachtaí seo a leanas a sholáthraíonn seirbhísí tomhaltóirí san AE: Google Ireland Limited, Google Commerce Limited agus Google Dialer Inc.

cóipcheart

Ceart dlí a ligeann do chruthaitheoir saothair bhunaidh (amhail blagphostáil, grianghraf nó físeán) cinneadh a dhéanamh an féidir le daoine eile an saothar bunaidh sin a úsáid, faoi réir teorainneacha agus eisceachtaí áirithe (amhail "úsáid chóir" agus "déileáil chóir").

d'ábhar

Rudaí a chruthaíonn tú, a uaslódálann, a chuireann isteach, a stórálann, a sheolann, a fhaigheann nó a chomhroinneann trínár seirbhísí a úsáid, mar shampla:

  • doiciméid a chruthaíonn tú le Docs, Sheets agus Slides
  • blagphostálacha a uaslódálann tú trí Blogger
  • athbhreithnithe a chuireann tú isteach trí Maps
  • físeáin a stórálann tú i Drive
  • ríomhphoist a sheolann tú agus a fhaigheann tú trí Gmail
  • pictiúir a chomhroinneann tú le cairde trí Photos
  • cúrsaí taistil a chomhroinneann tú le Google

dliteanas

Caillteanais ó aon chineál éilimh dlí, cibé acu an t-éileamh a bheith bunaithe ar chonradh, ar thort (lena n-áirítear faillí) nó ar aon chúis eile, agus cibé acu a d'fhéadfaí nó nach bhféadfaí na caillteanais sin a réamh-mheas nó a thuar go réasúnta.

eagraíocht

Páirtí dlíthiúil (amhail corparáid, eagraíocht neamhbhrabúis nó scoil) agus ní duine aonair.

séanadh

Ráiteas a chuireann teorainn le freagrachtaí dlíthiúla duine.

seirbhísí

Is táirgí agus seirbhísí atá liostaithe ag https://policies.google.com/terms/service-specific iad na seirbhísí Google atá faoi réir na dtéarmaí seo, lena n-áirítear:

  • aipeanna agus suíomhanna (amhail Cuardach agus Maps)
  • ardáin (amhail Google Shopping)
  • seirbhísí comhtháite (amhail Maps atá leabaithe in aipeanna nó i suíomhanna ar le cuideachtaí eile iad)
  • gléasanna agus earraí eile (amhail Google Nest)

Cuimsíonn go leor de na seirbhísí seo ábhar ar féidir leat a shruthú nó idirghníomhú leis.

Slánaigh nó slánú

Oibleagáid chonarthach duine aonair nó eagraíochta na caillteanais a chúiteamh a rinneadh ar dhuine aonair nó eagraíocht eile mar gheall ar imeachtaí dlí amhail cásanna dlí.

tomhaltóir

Duine aonair a úsáideann seirbhísí Google ar chúiseanna pearsanta neamhthráchtála lasmuigh den trádáil, den ghnólacht, den cheird nó den ghairm atá ag an duine sin. (Féach ar "úsáideoir gnó")

trádmharc

Siombailí, ainmneacha agus íomhánna a úsáidtear sa tráchtáil atá in ann idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta amháin agus earraí nó seirbhísí duine aonair nó eagraíochta eile.

úsáideoir gnó

Duine aonair nó páirtí nach tomhaltóir é (féach ar "tomhaltóir").

Osclaítear i gcluaisín nua é(osclaítear fonóta)
  • Afrikaans
  • Bahasa Indonesia
  • Bahasa Melayu
  • Català
  • Čeština
  • Dansk
  • Deutsch
  • Eesti
  • English
  • English (India)
  • English (United Kingdom)
  • Español
  • Español (Latinoamérica)
  • Euskara
  • Filipino
  • Français
  • Français (Canada)
  • Gaeilge
  • Galego
  • Hrvatski
  • Isizulu
  • Íslenska
  • Italiano
  • Kiswahili
  • Latviešu
  • Lietuvių
  • Magyar
  • Malti
  • Nederlands
  • Norsk
  • Polski
  • Português (Brasil)
  • Português (Portugal)
  • Română
  • Slovenčina
  • Slovenščina
  • Srpski
  • Suomi
  • Svenska
  • Tiếng Việt
  • Türkçe
  • অসমীয়া
  • Ελληνικά
  • Български
  • ଓଡିଆ
  • Русский
  • Српски
  • Українська
  • ‫עברית‬
  • ‫اردو‬
  • ‫العربية‬
  • ‫فارسی‬
  • አማርኛ
  • मराठी
  • हिन्दी
  • বাংলা
  • ગુજરાતી
  • தமிழ்
  • తెలుగు
  • ಕನ್ನಡ
  • മലയാളം
  • ไทย
  • 한국어
  • 中文 (香港)
  • 中文(简体中文)
  • 中文(繁體中文)
  • 日本語
Aipeanna Google
Príomh-roghchlár